city map

History : An tSeoirsia

An tSeoirsia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Léim go: nascleanúint, cuardaigh
საქართველო
Sakartvelo
Bratach an tSeoirsia Armas an tSeoirsia
Bratach Armas
Mana: ძალა ერთობაშია (Is é an t-aontas ár gcumhacht)
Amhrán náisiúnta: Tavisupleba (Saoirse)
Suíomh an tSeoirsia
Príomhchathair Tbilisi
41°43′ Thuaidh 44°48′ Theas
An chathair is mó Tbilisi
Teangacha oifigiúla Seoirsis
Rialtas
Uachtarán
Príomh-aire
Poblacht
Mikheil Saakashvili
Lado Gurgenidze
Neamhspleáchas
Achar
 • In iomlán
 • Uisce (%)
 
69,700 km² (118ú)
-
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 1990
 • Dlús
 
4,474,000 (117ú)
5,400,000
67/km² (-)
OTI (PCC)
 • In iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$15.55 billiún (122ú)
$3,300 (127ú)
Airgeadra Lari (GEL)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+4)
(UTC+4)
Fearann Idirlín .ge
Glaochód +995

Tír i gCugas is ea í an tSeoirsia agus í ag críochantacht leis an Asarbaiseáin, an Airméin, an Tuirc agus an Rúis. Gruziya (Грузия) a thugtar uirthi as Rúisis, agus mar sin, feictear an leagan An Ghrúis sa Ghaeilge freisin. Is é an t-ainm atá ag muintir na Seoirsia ar a dtír ina dteanga féin ná Sakartvelo (საქართველო). Bhain an tír a neamhspleáchas amach i 1991 ón Aontas Sóivéadach.

- Daonra

Is í an tSeoirsis teanga oifigiúil na Seoirsia, agus tá aibítir dá cuid féin aici. Teanga Chugasach Dheisceartach is ea í, rud a chiallaíonn nach bhfuil gaol ar bith aici le bunús mór na dteangacha eile san Eoraip. Labhraítear roinnt mhaith teangacha eile sa tSeoirsia, go háirithe Asarbaiseáinis (6.5 %) agus Airméinis (5.7 %). Tá dornán Rúiseach ina gcónaí sa tír fós, ach ó bhain an tSeoirsia amach an neamhspleáchas, d'fhág an chuid ba mhó acu an áit. Cloistear na teangacha Margaluri (Megreli), Svan, agus Laz in áiteanna. Tá gaol acu leis an tSeoirsis, ach tá siad an-difriúil léi, agus mar sin, is é an dearcadh atá ag na teangeolaithe nach canúintí iad ach teangacha iontu féin. Agus an méid sin ráite, is í an tSeoirsis chaighdeánta an teanga a úsáideann lucht labhartha na dteangacha seo le haghaidh na litríochta is na léitheoireachta. Mar sin, murar canúintí iad, ní bhaintear ach úsáid na canúna astu. Tá Seoirsis nó ceann de na teangacha gaolmhara seo ag 83.8 % de mhuintir na tíre .

Cosúil leis an Airméin, is náisiún seanársa Críostaí í an tSeoirsia, agus eaglais náisiúnta ar leith ag na Seoirsigh. Mar sin féin, Muslamach is ea é duine as gach deichniúr sa tSeoirsia. Cuid mhór de na Muslamaigh sa tír, is Aidseáraigh iad, is é sin, Seoirsigh a chuaigh leis an Ioslam nuair a bhí na hOtamánaigh i seilbh na tíre. Is iomaí duine acu a d'iompaigh ina gCríostaithe nuair a bhain an tSeoirsia amach an neamhspleáchas, daoine óga ach go háirithe. Tá eaglais náisiúnta dá gcuid féin ag na hAirméanaigh freisin. Thairis sin, tá dornán beag Caitliceach agus Protastúnach ann, agus is é an tIoslam reiligiún na nAsarbaiseánach sa tír.

Aisghabháil ó "http://ga.wikipedia.org/wiki/An_tSeoirsia"
Georgia Pow Grousi Gurcistan Gruzio Georgia Γεωργία Kartulsuyu 그루지야 ហ្សកហ្ស៉ី Грузия საქართველო Georgia Geórgia جيورجيا Georgien Gruzja Georgien Georgän グルジア Georgia Gru-di-a Грузи Gruzie Georgia Georgía Georgia Гуырдзыстон جارجیا Geòrgia Georgia Грузія Georgia Georgia گرۇزىيە Վրաստան Gruzija Jorjia Grúzia Jeoji জর্জিয়া Gruzija Грузия Georgiska Грузія Georgia जोर्जिया Georgia Gürcistan Georgië גאורגיה Georgia Georgia Gürcüstan จอร์เจีย Гурҷистон Georgia Georgia 格鲁吉亚 جورجيا ஜார்ஜியா જ્યોર્જીયા Xeorxa Cheorchia ጆርጂያ Ġorġja Jôrg·ie Georgia Georgien Xeorxia - საქართველო Georgien Georgië Ӂеорӂия Грузија Georgia Қырҭтәыла ജോര്‍ജിയ Gjeorgji Giorgia Грузија Gruzija An tSeoirsia Gruzínsko Gruzija Georgia גרוזיע Geörgje Géorgie Gruzija Georgia Gruzija Грузия ຈໍເຈຍ Georgia Georgia Georgië Georgia ܓܘܪܓܝܐ گرجستان Georgien Georgia Georgia Gruusia


navimap navimap World Navimap us uk fr it es ru jp sa News Photo History Site france espana Türkiye Oran alger mostaganem tenes cherchell algérie algérie algerie mostaganem CV
city.navimap.org/ga-histoire-GE.html